Gaeilge | English
  • Baile
  • LineFúinn
  • LineStair
  • LineImeachtaí
  • LineCeol
  • LineGailearaí
  • LineTeagmháil
Letterkenny Comhaltas

Imeachtaí na Craoibhe

Seisiún Seachtainiúil

Music Classes Athrú Ionaid Séisiúin:

Tá seisiún seachtainiúil na Craoibhe athraithe ar ais go Ostán Uí Ghallchóir, Príomh Shráid Uachtarach, Leitir Ceanainn. Bíonn an seisiún ar siúl oíche Mháirt agus tosaíonn sé ar a 10 a chlog. Bíonn fáilte roimh ceoltóirí traidisiúnta agus ‘achan duine a bhfuil dúíl acu sa cheol. Tá an seisiún seo ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 1957.

Tosaíonn an seisiún seo thart ar 10 a chlog agus bíonn fáilte roimh ceoltóirí tráidisiúnta.

Léarscáil chuig seisiún

 

Ranganna Ceoil na Craoibhe

Music ClassesRanganna Ceoil na Craoibhe ag toiseacht arís:
Ranganna Ceoil na Craoibhe ag toiseacht arís: Beidh clárú agus ranganna do thosaitheoirí in Ostán Clanree ar 6.00 i.n. Dé Máirt, 12 Meán Fómhair.

Amanna ranga:
Tosaitheoirí 6.00 - 6.45 i.n.
Idirmheánach 6.45 - 7.30 i.n.
Sinsearach 7.30 - 8.30 i.n.
Daoine Fásta 8.30 - 9.30 i.n.

Is í Donna an múinteoir ceoil. Tugann Paddy Tunney ranganna fidle faoi scáth na Craoibhe i gColáiste Adhamhnáin i rith na seachtaine.

Tá Polasaí Cosanta Leanaí i bhfeidhm ag an Chraobh de réir treoracha an Chomhaltais.

 

Oíche Amhránaithe

Singers NightEagraíonn an Chraobh Oíche Amhránaithe Traidisiúnta go rialta i rith na bliana. Bíonn fáilte mhór roimh amhránaithe traidisiúnta a chanann as Gaeilge nó as Béarla. Beidh an chéad Oíche Amhránaithe eile ar siúl oíche Chéadaoine 28 Mean Fómhair 2011 ar a 9.00 i.n. in Ostán Uí Ghallchoir, Príomhshráid Uachtarch.

 

 

Scoil Earraigh Hughie McGovern

Singers NightEagraítear an deireadh seachtaine ceoil agus amhrán seo 'achan bhliain ó 2002 i gcuimhne Aodh Mhic Shamhráin a raibh páirt lárnach aige sa Chraobh. Is dócha go mbeidh Deireadh Seachtaine Mhic Shamhráin 2012 ar siúl ón 20 go dtí an 22 Aibreán. Beidh deimhniú ar na dátaí sin agus ar na h-imeachtaí a bheidh ar siúl ar an deireadh seachtaine sin ar fáil go luath i mí na Samhna.

 

 

Ceolchoirmeacha

ConcertsÓ am go ham cuireann an Chraobh ceolchoirmeacha ar nós “Macalla na hÉireann” an Chomhaltais agus ceoltóirí tráidisiunta eile i láthair. Bíonn tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh seo.

 

 

 

 

Comhaltas - Letterkenny Comhaltas
ph. +353 (0)74 91 25276 | info@letterkennycomhaltas.com
© www.letterkennycomhaltas.com 2010 | gach ceart ar cosaint