Stair Chraobh Leitir Ceanainn
1957 | 1958 | 1961 | 2000 | 2001 | 2002 | 2004 | 2005 | 2007 | 2008
1957
Cé go raibh séisiúin cheoil traidisiúnta ar siúl go rialta ó thús na gcaog adaí i dteach tábhairne Mc Govern ar Phríomhshráid Íochtar i Leitir Ceanainn níor cuireadh craobh Comhaltais ar bun go dtí Deireadh Fómhair 1957. Ba iad seo a leanas chéad oifigigh na craoibhe : Uachtarán: an t-Ath. Eoghan Ó Frighil; Cathaoirleach: Aodh Mac Shamhráin; Rúnaí: Pádraig Ó Tonnaigh. I measc bhaill an Choiste bhí Séan Ó Brolacháin ó Dhroim Chaoin, Cathal Mac Fhionnghaile, O.S. in Eileastroim, Pádraig Mac Eiteagáin ó Mhín a’ Lábáin agus Cathail Mac Íomhair ó Dhroim Eochaille.
1958
Reachtáladh an chéad Fhleadh Cheoil riamh i gCondae Dhún na nGall i Leitir Ceanainn ar an 6ú Iúil saInstitiúid Liteartha ar an tSráid Íochtarach. Níorbh Fhleadh Chondae í áfach. . Éagraíodh í i gcomhar le craobh áitiúil an ICA a bhí ag eagrú seachtain Dhún na nGall. Fuair Pádraig Ó Tonnaigh, rúnaí na Craoibhe cead ó Chomhairle Ceannais Chomhaltais agus ba é Seán Ó Baoill ó Ard Mhacha a bhí mar mholtóir ar na comórtais.Ba shuimiúil tabhairt faoi deara gur bhuaigh Séamus Mac a’tSeachlainn ó Dhroim Chaoin an comórtas fidléireachta. Chuidigh Séamus go mór le cás an cheoil thraidisiúnta in oirthear na condae seo agus ba bhall de Chraobh Chomhaltas Leitir Ceanainn é.
1961
Bhí an chéad Fhleadh Cheoil Condae i mBéal Atha Seanaidh i ‘59.Cuireadh an chéad Bhord Chondae Dhún na nGall ar bun i mí Iúil. .Eagraíodh an dara Fleadh Condae sna Gleanntaí i ’60 agus an bhliain ina dhiaidh sin 1961 d’eagraigh Craobh Leitir Ceanainn Fleadh na Condae ar an 26ú agus 27ú Lúnasa. Dúradh go raibh thart ar chúig mhíle i láthair. B’iad Seosamh Ó Dubhdaó Shligeach, Padraig Ó Gallchóir ó Fhear Manach agus Jerry Hicks ó Cholaiste Phádraig, Ard Mhacha moltóirí na gcomórtas. Bhíodh comórtais ann ag an am sin d’iomaitheoirí ón chondae amháin agus ceann eile oscailte do dhaoine nárbh ón chondae seo iad.Bhí ceolchoirm ann oíche Dhomhnaigh le haíonna speisialta i Halla Uí Dhoibhlinn ag bun na Príomhsráide.B’é Pádraig Ó Tonnaigh fear a’ti.
Ar feadh ceathracha bliain ina dhiaidh sin lean Craobh Chomhaltais Leitir Ceanainn ar aghaidh le tacaíocht dhilis ó cheoltóirí as achan chearn sa chondae. Athraíodh láthair an tséisiúin thar na blianta.D’fháiltigh Tahhairne Mhic Shamhráin ar an Phríomhshráid Íochtarach an seisiún ar dtús, ansin rinne Tabhairne UíBhaoill ar Chearnóg an Mhargaidh amhlaidh.. I ndiaidh sin chaith sé seal i Halla Ospidéal Naomh Chonaill agus i gClubtheach Naomh Adhamhnáin CLCG. Chuaigh an seisiún ansin godtí Óstán Threeways , go sean Óstán Clanree agus trasna an bhealaigh mhór go dtí Teach Ósta Dry Arch roimh dul ar ais go dtí Óstán Nua Clannree , agus as sin go Ostán Gallagher’s i lár an bhaile áit a bhfuil sé lonnaithe faoi láthair. Bhí go leor oícheanta móra ann agus ar ndóigh ócáidí lúchaireacha nuair thug baill na Craoibhe cuairt ar sheisiúin craobhacha eile nó ar Fhleadhanna sa chondae nó ar fud na hÉireann.
Tháinig athrú ar oifigigh na Craoibhe thar na blianta ach bhí Hughie Mc Govern mar chathaoirleach ina chrann taca agus mar threoraí an tam ar fad. Bade bharr Hughie tháinig ceoltóiri agus lucht tacaíochta chuig an seisiún thar na blianta agus thug seo deis agus lucht éisteachta do chuid mhór ceoltóirí sa cheantar.2000
I ndiaidh ocht mbliana ‘s fiche reachtáladh Fleadh na Condae i Leitir Ceanainn ar an dara deireadh seachtaine i mí Bealtaine na Mílaoise. D’éirigh thar barr lei. Bhí na comórtais in Ostán Clanree, Bunscoil Naomh Phádraig, Lorgaí Breac, agus ar Pháirc Imeartha Bhun na Gaoithe F.C.
2001
Reachtáladh Fleadh Chondae Dhún na nGall arís i Leitir Ceanainn agus d’éirigh go geal lei.
Bhí muid uilig faoi bhrón sa Chraobh nuair a d’éag ár gCathaoirleach, Hughie Mc Govern i mí Iúil i ndiaidh iomlán a shaoil a chaitheamh ag cur an chultúir Ghaelaigh agus Chomhaltais chun cinn. Taispeánadh dúthracht Hughie nuair a thioman sé ina aonar go Clár Chlainne Mhuiris chuig Fleadh Cheoil Chonnachta agus arais arís ar an lá roimh a bhás.
2002
D’eagraigh an Chraobh a céad Scoil Earraigh Hughie Mc Govern i gcuimhne ár n-iar-chathaoirleach i mí Aibrean. Bhí ceolchoirm den chéad scoth againn in amharchlann an Ghrianáin oíche Aoine. Bhí ceardlanna agus ranganna ceoil agus amhránaíochta ar siúl Dé Sathairn i gClochar Loreto. Lean na seisiúin cheoil ar feadh na hoíche i gcásanna daoine áirithe.
I míonna Samhna agus Nollag d’eagraigh an Chraobh dráma cleamaireachta ina raibh go leor ball páirteach ann. Chuaigh an drama thart ar thithe tabhairne agus ostáin áitiúla agus bailíodh €4,000 ar son na gCluichí Oilimpeacha Speisiúlta san Iar-Thuaisceart.
Fuair Paddy Tunney, céad rúnaí na Craoibhe, , amhránaí traidisiúnta cliútach, scríbhneoir agus craoltóir bás ar an 7ú Nollaig.
2004
I ndiaidh tús a chur le cainteanna le Comhaltas ar léibhéal náisiúnta ag Uachtarán Fáilte Ireland ,Noel Mac Ginley, ar son Turasóireacht an Iar- Thuaiscirt rinne an Chraobh tairiscint ar son bhaile Leitir Ceanainn chun Fleadh Cheoil na hÉireann a reachtáil i 2005. Cuireadh Grúpa gníomhartha ar bun le Paddy (Óg) Tunney mar chathaoirleach agus rinneadh go leor tairiscintí do ghrúpaí a raibh suim acu inti agus obair réamhullmhúcháin. Socraíodh cúrsaí airgid. Fuair baill an Ardchomhairle caipéis tairisceana gairmiúil maraon le físeán ar Leitir Ceanainn agus a áiseanna dosháraithe. Rinne Mickey Mc Phillips ó Fhear Manach an físeán seo ar mhaithe leis an Fhleadh a thabhairt go Condae Dhún na nGall agus Cúige Uladh. Ar an 16ú Meán Fómhair indiaidh don Uachtarán a vóta a chaitheamh , chinn Ard Chomhairle Comhaltais go dtiocfadh Fleadh Cheoil na hÉireann 2005 go Leitir Ceanainn.
2005
Ar oíche Shathairn an 14ú Bealtaine ghlac an Chraobh páirt don chéad uair ar an chlár cliútach sin “Céilí House” le linn Oireachtais na Bealtaine a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn. Ba iad seo a leanas na ceoltóirí sa ghrúpa- Séamus Gibson ar bhosca ceoil, ar cháirdíní piano Teresa Barron agus Valerie Deasley, ar na fidleacha Billy Gibson, Paddy Tunney agus Joseph Gibson, ar na feadóga móra bhí Kate Forde agus Trudy O Donnell, ar an bhainseo Gerry Mc Brearty,ar mhandolin Finbarr Ó Raifeartaigh agus bhí Séamus McCullagh ar bhodhrán, Seinneadh na ríleanna “An Bealach go Rio” agus “Píobaí Uí Chraig”, mar chornphíopaí sheinn an grúpa “An Rialtóir Dúchais” agus “Imithe go California”, mar phoirt seinneadh “Hata Feathan Dhiarmada” agus “Aonach Dhomhnach Bhroc”.
Dúirt Kate Forde an t-amhrán “The Rocks of Bawn”. Sheinn Trudy O Donnell dreas ríleanna ar an fheadóg mhór. Bhuail grúpa ceoltóirí óga ón Chraobh dreas rileanna. Ba iad Declan Sweeney (bosca ceoil), Louise Mc Kinney(fideal) agus Fiona Barron (feadóg mhór). Sheinn Joseph Gibson cúpla fonn chomh maith ar afhideal le tionlacan giotair ó Thomas Foy. Ar an chlár fosta bhí Ciarán Ó Maonaigh a bhuaigh Comórtas an Oireachtais don fhideal agus Ciarán Mac Feidhlimidh ar na píobaí uilinn.
2007
Reachtáil an Chraobh an 6ú Scoil Earraigh Hughie Mc Govern san Earrach. Fuair Marjorie Mc Daid a chaith tréimhse fada mar oifigeach craoibhe bás ar an 28ú Iúil agus d’fhág sin scamall dubhach orainn uilig.
D’eagraigh an Chraobh ceolchoirm don Triúr Tráidisiúnta Gaelach Meiriceánach Culrua ar an 6ú Meán Fómhair in Ostán Clanree. Thug an boscadóir ó Uibh Fáillí Paddy O Brien agus Pat Egan ó Thiobtáid Árann an- oíche dúinn. Ar an drochuair ní raibh an triú ceoltóir, Patrick Ourceau, ábalta teacht mar pósadh é agus bhí sé ar cuairt ar an Fhrainc, a thír dhúchais.2008
Shocraigh an Chraobh dul go Coventry ag tús mhí an Mheithimh mar bhí cuireadh again n ón Chraobh sin le tamall fada. D’amharc an cisteoir Séamus Gibson i ndiaidh na socraithe ar fad agus thaistil ocht mball déag go dti an Bhreatain. Chuir muid fúinn in Ostán Highlands ar Bhóthar Warrick agus cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romhainn ‘achan oíche i dteach ósta an Hearsall (ceanncheathrú Chraobh Coventry)ag baill uile na Craoibhe sin agus ag Peter agus Joan Scott na húinéirí. Thug Syl Cullen sinn ar thuras na cathrach sin an lá arna mhárach agus bhí muid mar aíonna ag Céilí/Béile in ionad pharóiste Wychen áit a raibh 300 duine i láthair ag oíche an-taitneamhach. Bhí lón an Domhnaigh sa Ramada sa chathair urraithe ag muintir Scott. Mairfidh seisiún oíche Dhomhnaigh i bhfad igcuimhne na ndaoine a bhí I láthair. Dé Luain thug Hughie Gallagher, Jarlath Mulhern agus Syl Cullen sinn go dtí aerphort Birmingham. B’iad maraon le rúnaí na Craoibhe Boo Cullen agus na baill uilig a thug am ar dóigh dúinn i gcathair na Bantiarna Godiva.
