Eolas faoi Chomhaltas
Ceiliúradh Comóradh Caoga Bliain an Chomhaltais sa bhliain 2001. Bunaíodh an eagraíocht ar an 4ú Feabhra 1951 in Ostán Lár Tíre sa Mhuileann gCearr de bharr dianiarrachtaí Chumann na bPíobairí Bhaile Atha Cliath, ceannródaithe an Chomhaltais. I measc na mbunaitheoirí bhí na deartháracha Rowsome, Leo agus Tom, Arthur Connick, Paddy Mc Elvanny, Jim Seery, Ned Gorman, Ceannfort Ó Suilleabháin, Cáit Bn. Uí Mhuineacháin agus Eamonn Ó Muineacháin. Shocraigh said go reachtálófaí an Chéad Fhleadh in éineacht le Feis Lár na hÉireann sa Mhuileann gCearr ar Domhnach Cincíse i mí Bealtaine na bliana sin. Ba iad aidhneanna na Fleidhe ná a áit cheart a thabhairt ar ais arís do cheol traidisiúnta na hÉireann agus scoth na gceoltóirí traidisiúnta a bhailiú le chéile ó cheithre choirnéal na tíre.
Bhí an Chéad Fhleadh bliantúil ann i Halla Mhuire sa Mhuileann gCearr. Bhí ceolchoirm agus céilí ann oíche Dhomhnaigh. Ar Luan Cincíse ghlac ceoltóirí ó áiteanna ar fud na hÉireann páirt i gcomórtais a d’eagaigh an Coiste Feise áitiúil. Bhuaigh Pádraig Ó Ceallaigh ó Bhun Dobhráin Craobh Uile Éireann ar an fhidil agus d’éirigh go hiontach leis an deireadh seachtaine.
Níor thainig Comhaltas ar an saol go fóill áfach. Toghadh an chead choiste seasmhach de Chumann Ceoltóirí na hÉireann ar an 14ú Deireadh Fómhair 1951. Ar an 6ú Eanair 1952 mhol Pádraig Ó Cnoic(uncail Noel Hill, an sárcheoltóir consairtín), Eamonn Ó Muineacháin agus Eamonn Muirí go n-athrófaí ainm na heagraíochta go Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Ina dhiaidh sin bhí Fleadhanna Ceoil na hÉireann Bliantúla i mbaile Mhuineacháin, Ath Luain, Baile Chabháin agus Baile Loch Riabhach. Le linn an ama seo d’fhás an teacht le chéile ina fhéile mhór náisiúnta le na míllte ceoltóirí, amhránaithe agus rinnceoirí i láthair ó gach cearn den tír agus ó thíortha thar lear.
Thuill Fleadh Cheoil na hÉireann in Inis i 1956 clú agus cáil mar fhéile náisiúnta. Bhí na sráideanna cunga lán le seisiúin ceoil agus bhí na tithe tabhairne agus hallaí plódaithe le daoine. Chum Robbie Mc Mahon amhrán cliútach a bhuanaigh go deo cuimhne na Fleidhe seo. Ghlaoigh sé “The Fleadh Down in Ennis” air.
They came from the North and they came from the East,
From the West and the South ‘twas a thriller to see;
With fiddles and bagpipes and piccolo too
And drumsticks to keep them in order.
They came down from Dublin so hearty and gay,
They brought Leo Rowsome to show them the way;
With their flute player Vincent Broderick -
The Fleadh had come to stay.
